Tuesday, March 6, 2007

Na fadhbanna socraithe sa deireadh!


Sa deireadh, (sa deireadh seachtaine caite) bhí orm na rothaí a thógáil ón carr. Anois tá siad imithe agus ina seasamh i mo gharáiste sa bhaile. I ndáiríre tá dhá cinn de na rothaí briste agus nílim cinnte an mbeidh mé in ann iad a fheistiú arís. B'fhéidir sa todhchaí beidh mé in ann iad a dhíol ach gan dabht ní bheidh mé á gcur ar ais ar mo charr leis na boinn sin. Má tá mé ábalta boinn níos leithne a chur orthu breathnóidh mé air ach, ag an am céanna, táim sásta anois leis na sean-rothaí atá ar ais ar mo charr agus is aoibhinn liom na boinn leathana sin.
Sa phictiúir tá an sean-roth (b'fhéidir roimh fhada beidh siad ar ais amuigh ón garáiste).

No comments: